Home > Maidir le Cill Chainnigh > Stair > Tírdhreacha Cáiliúla
In English

 

Droichid Chill Chainnigh

Droichid Chill Chainnigh

Tógadh Greensbridge nó an 'Great Bridge of Kilkenny' mar is aithne dó roimh 1200. I 1487 scuab díle mhór léi an droichead. Tógadh an droichead in athuair ach arís i 1763 rinne díle scrios air; an geábh seo thug sí léi freisin Droichead Sheáin maille le seisear déag de shaoránaigh na cathrach.
Is i ndiaidh 1200 a tógadh Droichead Sheáin a dhéanann ceangal idir Sráid Sheáin agus an chuid eile den chathair; scriosadh ag na dílí móra i 1487 agus 1763 é mar a rinneadh le Greensbridge agus tógadh in athuair ina dhiaidh sin é.
Nuair a críochnaíodh an Droichead Sheáin atá ann faoi láthair i 1910 ba é an droichead fearó-choinchréit réise amháin ab fhaide in Éire agus sa Bhreatain Mhór. Tugadh Droichead Osraí a dhéanann ceangal leis an gcuarbhóthar timpeall na cathrach chun críche i 1984; gné de is ea an dealbhóireacht iontlaise agus aithnítear gurb é an fhuascailt is fearr do cheantar a meastar bheith iontach luachmhar ó thaobh na taitneamhachta.

Print Bookmark

Kilkenny County Council, County Hall, John Street, Kilkenny
Tel: +353 (0) 56 7794000 | Fax: +353 (0) 56 7794004 | Email: info@kilkennycoco.ie | Emergency outside office hours: : 1890 252 654
irl - About Us | irl - Privacy | irl - Feedback | irl - Disclaimer