Home > Maidir le Cill Chainnigh > Stair > Tírdhreacha Cáiliúla
In English

 

Teach na Cúirte

Teach na Cúirte (Seanchaisleán an Ghrásaigh)

Teach na Cúirte

I láthair na huaire cuirtear chun fónaimh teach Cúirte Chill Chainnigh nó Caisleán an Grásaigh mar ab aithne dó roimhe seo le haghaidh shuí na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche. Teach baile theaghlach shaibhir na nGrásach a bhí ann ar dtús; lig siad an foirgneamh ar léas don choróin i 1566.
Príosún a bhí ann ó 1566 ar aghaidh; aistríodh ina theach cúirte é ag druidim le deireadh an ochtú haois déag. Ó ábhar sna cartlanna is féidir bheith den tuairim go ndearna Sir Jerome Fitzpatrick athnuachan forleathan chun an foirgneamh a iompú ina theach cúirte.
Athmhúnlaigh William Roberston éadan an fhoirgnimh agus chuir leis gnéithe eile a leithéid balcóin agus staighre cloiche. Tá gnéithe bunaidh an phríosúin fós le feiceáil ó leibhéil na sráide ar éadan an fhoirgnimh.

Print Bookmark

Kilkenny County Council, County Hall, John Street, Kilkenny
Tel: +353 (0) 56 7794000 | Fax: +353 (0) 56 7794004 | Email: info@kilkennycoco.ie | Emergency outside office hours: : 1890 252 654
irl - About Us | irl - Privacy | irl - Feedback | irl - Disclaimer