Jonathan Swift (1667-1745)
Chuaigh mé go dtí Coláiste Chill Chainnigh ag am thar bheith suntasach ó thaobh na staire de. I dteannta mo chomhghleacaithe scoláirí: William Congreve an drámadóir agus an tEaspag Berkeley fealsúnaí agus scríbhneoir (a thug a ainm do Berkeley University, California) is sinne a bhí lárnach i ngluaiseacht bhríomhar intleachtúil i gcathair Chill Chainnigh atá léirithe in athuair, tá áthas orm a rá, i gCill Chainnigh an lá atá inniu ann. Plota Seacaíbiteach i 1715 faoi deara cur faoi chois an Mhéara agus na cathrach trí mheán na bPéindlíthe agus a fhad is a mhair siad .i. go dtí lár an chéid, phlúch siad roinnt mhaith den ghníomhaíocht anseo.