Home > Maidir le Cill Chainnigh > Stair > Stair Pholaitíochta
In English

 

Stair Pholaitíochta

Stair Chill Chainnigh 1208-An lá atá inniu ann

1208 Cairt de Liam an Earl Marshall chun inimircigh a mhealladh agus chun trádáil a chruthú i gCill Chainnigh.

1293 An Chéad Pharlaimint i gCill Chainnigh in aimsir na meánaoise.

1295 - 1365 12 Bhí suí ag 12 pharlaimint i gCill Chainnigh.

1366 Achtaíodh Reachtanna Chill Chainnigh trí pharlaimint a thionól
Lionel, Diúc de Clarence. Ghlac na lonnaitheoirí Sasanacha le go leor de
nósanna agus de chleachtas na hÉireann. Chun dul i ngleic leis sin bualadh dlíthe diana anuas ar na lonnaitheoirí; cuireadh sa phríosún iad,
baineadh a gcuid tailte díobh agus amanta daoradh chun báis iad má chualathas iad ag caint Gaeilge, má phós siad leis na Gaeil, má bhain siad úsáid as ainm Gaelach nó má chaith siad éadaí Gaelacha. Ní raibh sé de chead ag aon duine den fhuil Ghaelach bheith in a chónaí taobh istigh den Pháil agus dhiúltaigh na mainistreacha glacadh le haon ógánach Gaelach mar nóibhíseach.

1371-1372 Parlaimint Chill Chainnigh.1375 Parlaimint tionólta ag an Rí Risteárd ina phearsan féin

Painting of Richard the Second1375 Parlaimint tionólta ag an Rí Risteárd ina phearsan féin.

1399 Deimhnigh an Rí Risteárd an chairt a dheonaigh Liam an Earl Marshall ar Chill Chainnigh.

Painting of King James the First1609 Dheonaigh an Rí Séamas I a chairt ar Chill Chainnigh á hainmniú mar chathair. Cónasc an chairt an Ardchathair agus an Chathair Ghaelach in aon Mhéaracht amháin.

1642 Céad chruinniú den Chomhdháil Chaitliceach Pharlaimint i gCill Chainnigh - d'fhan sí i seisiún go dtí gur bhriseadh suas í i 1648.

1650 Márta 22 tháinig Cromail go Cill Chainnigh. Aistríodh formhór na dteaghlach a bhí bainteach leis an gComhdháil go Connacht.

Painting of King James the Second1650 Ar Mhárta 28 d'ainmnigh Cromail Colonel Axtell mar Ghobharnóir ar Chill Chainnigh

1687 Cúlghaireann Cairt Shéamais II Cairt Séamas I ag cruthú dá chionn sin Cathair agus Contae Chill Chainnigh.

1690 Cairt Liam III ag athbhunú Cairt Shéamais I.

1798 Cill Chainnigh faoi dhlí airm i mbliain éirí amach na n-Éireannach aontaithe faoi ardcheannasaíocht an Choirnéil Agall .

1835 Paitinn Liam IV ag cruthú ceithre aonach bhreise sa chathair.

1839 Toghchán Bhord na gCaomhnóirí d'Aontas Dlí na mBocht, Cill Chainnigh.

1846 Paitinn na Banríona Victoria ag deonú dhá aonach déag breise ar an gcathair.

1862 Paitinn na Banríona Victoria ag tabhairt cumhacht don Mhéara, do sheanóirí agus do Bhuirghéisigh na Buirge aonaigh mhíosúla a thionól.

Painting of King Edward VII1904 Cuairt an Rí Edward VII ar Chill Chainnigh.

1923 Seilbh glactha ag fórsaí Frith-chonartha (IRA).

1998 Seamus Pattison TD (teachta Dála - Parlaimint na hÉireann) an Lucht Oibre, Cill Chainnigh ainmnithe mar Cheann Comhairle (Cainteoir na Dála). Tugann Speaker of US House, Newt Gingrich cuairt ar Chill Chainnigh in éindí le Ceann Comhairle na Dála Seamus Pattison.

 

 


Kilkenny County Council, County Hall, John Street, Kilkenny
Tel: +353 (0) 56 7794000 | Fax: +353 (0) 56 7794004 | Email: info@kilkennycoco.ie | Emergency outside office hours: : 1890 252 654
irl - About Us | irl - Privacy | irl - Feedback | irl - Disclaimer