Caisleán Chill Chainnigh
Caisleán Chill Chainnigh
Ó thóg Strongbow an chéad chaisleán, ar dhóigh gurbh as adhmad é sa dóú haois déag ba shuíomh tábhachtach an áit a bhfuil Caisleán Chill Chainnigh arb é ceann de na foirgnimh is túisce inaitheanta in Éirinn.
Ba é an tIarla Marshall a thóg an chéad chaisleán as cloch ar an suíomh, caisleán a tugadh chun críche i 1213. Caisleán cearnógach a bhí ann le túr ag gach coirnéal; tá trí chinn de an ceithre thúr a bhí ann ar dtús fós ann inniu.
Cheannaigh na Buitléirigh an Caisleán i 1391 agus bhí siad ina gcónaí ann go dtí 1935. Iarlaí, Marcais, agus Diúic d'Ormonde a bhí iontu agus bhí siad ina gcónaí sa chaisleán ar feadh níos mó ná cúig chéad bhliain. Teaghlach thar bheith suntasach a bhí ann, teacht aniar iontu, géarchúiseach ó thaobh na polaitíochta de agus dílis don choróin agus d'Éirinn de réir pholaitíochta na linne. Chinntigh na dílseachtaí sin a rathúnais agus a réim agus rathúnas a suí dá réir.
Tugadh an mhaoin don náisiún i 1967 agus anois is í Oifig na nOibreacha Poiblí a dhéanann bainistíochta ar an gcaisleán agus ar an bpáirc. Tá na gairdíní agus an fearann páirce atá ag síneadh leis an gcaisleán oscailte don pobal agus is ionad comhdhála an Túr Paráide.
Bíonn turas gach 20 nóiméad i gcaitheamh na míonna Iúil agus Lúnasa agus mhaireann gach turas 45-50 Nóiméad.
Uaireanta Oscailte:
Deireadh Fómhair go Márta ar bhonn Laethúil ó 10.30 r.n. go 5.00 i.n. (Dúnta ag am lóin 12.45 r.n. go 2.00 i.n.) Aibreán go Bealtaine ar bhonn Laethúil ó 10.30 r.n. go 5.00 i.n. Meitheamh go Lúnasa ar bhonn Laethúil ó 9.30 r.n. go 7.00 i.n. Meán Fómhair ar bhonn Laethúil ó 10 r.n. go 6.30 i.n.
Cead isteach Duine Fásta: €5 Sinsearach/grúpa (20+): €3.50 Mac Léinn/páiste: €2 Teaghlach: €11
Grúpaí os cionn 20 €3.59 an duine agus ní mór an turas a chur in áirithe roimh ré. Dúnta thar thréimhse na Nollag agus ar Aoine an Chéasta - D'fhéadfadh clabhsúr neamhsceidealta a tharlú i míonna an gheimhridh de bharr obair chothabhála riachtanaí; seiceáil an suíomh le haghaidh sonraí.
Is é Bailiúchán Ormond an foilseachán is deireanaí agus is féidir a cheannach le hordú poist ó Siopa Leabhar Chaisleán Chill Chainnigh.
Is sa chaisleáin freisin atá bailiúchán Ealaíne Ghailearaí de Buitléir.
Is é Bailiúchán Ormond an foilseachán is deireanaí agus is féidir a cheannach le hordú poist ó Siopa Leabhar Chaisleán Chill Chainnigh.
Is sa chaisleáin freisin atá bailiúchán Ghailearaí Ealaíne de Buitléir.
Caisleán Chill Chainnigh An Seachtú Haois Déag
Na Buitléirigh sa seachtú haois déag
I lár an seachtú haois déag bhí an rí agus an pharlaimint in adharca a chéile i Sasana. Bhí coimhlint i measc mhuintir Éirinn freisin. Bhí na Buitléirigh gafa sa coimhlint seo freisin.
Cuireadh Comhairle Comhdhála ar bun. Thionól an chomhghuailleacht leithleach seo d'Éireannaigh agus de Sheanghaill parlaimint mhalartach i gCill Chainnigh ar feadh seacht mbliana (1642-48) ag iarraidh a gcuid chúrsaí féin in Éirinn a chinntiú.
Tógadh Séamas de Buitléir an dara Iarla déag d'Ormond i Sasana mar choimircí cúirte agus ba mhór a dhílseacht phearsanta don Rí Séarlas 1 agus dá mhac an Phrionsa Séarlas. Bhí Ormond anois ina Leas-Ionadaí an Rí agus ina Cheannfort ar arm an Rí in Éirinn agus ar feadh an achair seo bhí colcheathar leis na Buitléirigh Bíocúnta Mountgarrer go mór chun tosaigh sa Chomhairle Comhdhála.

Cúrsaí i Sasana is ea a rug barr bua orthu uile. I ndiaidh cogadh cathrach cuireadh an Rí Séarlas 1 chun báis agus rinne Oilibéar Cromail a bhealach trí Éirinn gan trua gan trócaire ag fáil smacht ar an tír in athuair. D'ionsaigh sé Cill Chainnigh i 1650, ag tuargaint an balla ó dheis den chaisleán, balla nach bhfuil ann níos mó go dtí gur ghéill an chathair.
Ar feadh na mblianta a raibh an smacht ag an bparlaimint agus Ormond ar deoraíocht, choinnigh an Bhantiarna Ormond greim daingean ar thailte agus ar mhaoin na mBuitléireach. I litreacha a scríobh sí chuig Cromail dúirt sí gur tháinig siad chuici in oidhreacht agus nárbh fhéidir iad a bhaint di mar gheall ar thréas a fhir chéile. D'éirigh léi in ar éiligh sí. Tuilleadh
Na Buitléirigh go luath san ochtú céad déag
Sna blianta deiridh den seachtú haois déag bhí scoilt idir Sasana agus Éirinn in athuair. Rinneadh athrí den Rí Séamas II agus tugadh cuireadh dá iníon Máire in éindí lena fhear chéile Liam Oráiste seilbh a ghlacadh ar an ríchathaoir. Cogadh in Éirinn a d'eascair as sin nuair a d'iarr Séamas an ceann is fearr a fháil ar Liam chun an ríchathaoir a aisghabháil i sraith chathanna a tugadh 'Cogadh an dá Rí' orthu nó 'the Williamite wars'.
Mar a bheifeá ag súil leis bhí na Buitléirigh páirteach sa choimhlint chrua seo. Saighdiúir a raibh ardcháil air agus a bhí an-chleachta ba ea Séamas de Buitléir an dara diúc a bheartaigh ar pháirt Liam a ghlacadh a fhad is a bhí an Tiarna Galmoy colcheathar caitliceach leis i seilbh ar Chaisleán Chill Chainnigh, áit ar chuir sé siamsaíocht ar fáil don Rí Séamas. I 1690 casadh ar a chéile an dá rí ag Cath na Bóinne. Briseadh ar Shéamas sa chath. Fuair Ormonde a chaisleán ar ais agus bhí sé ina óstach faoi choinne Liam go gairid ina dhiaidh.
Uair amháin eile bhí dlúthbhaint ag Ormonde le cúrsaí na cúirte. Nuair a fuair an bhanríon Anne bás áfach bheartaigh sé ar thaca a thabhairt do na Stíobhartaigh ina n-éileamh siúd ar an ríchathaoir. Tréas a bhí ansin agus chuaigh Ormonde ar a theitheadh i 1976 go dtí an mhórthír. Fuarthas ciontach é ina éagmais agus baineadh a eastáit de. Bhásaigh sé tríocha bliain ina dhiaidh sin sa Róimh.
Chuaigh eastáit agus teidil na mBuitléireach in Éirinn go dtí deartháir Shéamais, Séarlas, Iarla Arran. Ní dhearna sé aon éileamh orthu sin óir shíl sé nárbh shin an beart ba chríonna ó thaobh na polaitíochta de agus dá bhrí sin nuair a bhásaigh sé gan oidhre i 1758 chuaigh na teidil Diúc agus Marcas d'Ormonde i léig. Chuaigh an teideal Iarla go dtí colcheathracha caitliceacha i gCill Chais i dTiobraid Árann.
Sa dara leath den ochtú haois déag bhí drochbhail ar Chaisleán Chill Chainnigh díreach mar bhí ar rathúnas theaghlach na mBuitléireach agus ar rathúnas na hÉireann. De bharr an bhrú a bhí á chur uirthi ón taobh amuigh-cogadh le Meiriceá agus ansin leis an bhFrainc-bhí dílseacht na hÉireann de dhíth ar Shasana agus dá réir níor mhóir faoiseamh a thabhairt di ó na péindlíthe. Fuair Walter de Buitléir as Garryricken teidil agus tailte na mBuitléireach in oidhreacht i 1766 agus bheartaigh sé bogadh isteach sa chaisleán; bhí sin in anchaoi amach is amach.
Bhí a mhac Seán pósta le Anne Wandesford as Caisleán an Chomair a fuair airgead le hoidhreacht agus chaith Walter agus Seán go leor den oidhreacht ag cur caoi ar an gcaisleán. An seanbhóthar amach as an gcaisleán chuir siad ar mhalairt treorach é, thóg bóthar nua agus ansin leag amach páirc an chaisleáin agus an bóthar sa chaoi is gur mó gur cosúil é leis an tírdhreach atá le feiceáil sa lá atá inniu ann.
Thóg siad na stáblaí áille agus na clóis ar an taobh contráilte den bhóthair agus ar deireadh thiar bhog Walter isteach ina theachín nuathógtha Teach de Buitléir siar ó an stáblaí sin. I ndiaidh bhás a athair i 1783 rinne Seán de Buitléir athéileamh ar an teideal seachtú iarla déag d'Ormonde. Deimhníodh sin i 1791. Ba ghairid go raibh cáil agus seasamh na mBuitléireach daingnithe as an nua. Bhí réimsí fairsinge talaimh i gcónaí acu i gCill Chainnigh agus i dTiobraid Árann agus anois bhí siad in ann bheith ar an úinéir talún is mó san Oirdheisceart. Rinne an chéad iarla eile Walter de Buitléir comhluadar leis an tsochaí faiseanta i Londain.
Ba chompánach é ag an bPrionsa Leasrí agus ba eisean a athchruthaigh an teideal Marcas d'Ormonde dó. Chun a stíl bheatha míchuíosach a chothabháil dhíol Walter an ceart le hoidhreacht a bhí aige ar cháin fhíona na mBuitléireach don Choróin ar £216.000, suim ollmhór airgid ag an am sin. Tháinig deartháir Walter Séamas i gcomharbacht air; bhí Séamas de Buitléir ina ionadaí ag Cill Chainnigh i bparlaimint na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar feadh ceithre bliana suas go dtí an Acht um Aontais 1880. Chuir sé i gcoinne suíochán i dTeach na dTeachtaí agus i dTeach na dTiarnaí a thabhairt d'Éireannaigh mar chúitimh ar Pharlaimint na hÉireann a bhaint díobh ach rinne sé ionadaíocht ar Chill Chainnigh ar feadh fiche bliain bhreise. Tuilleadh
Caisleán Chill Chainnigh An Naoú Haois Déag
Na Buitléirigh sa Naoú Haois Déag
B'ionann na Buitléirigh sa Naoú Haois Déag agus úinéirí talún eile na linne; bhí rachmas seasmhach acu agus bhí gníomhairí acu a choinnigh obair na n-eastát ar siúl go héifeachtach agus go héifeachtúil. Rinne siad seirbhís le reisimint fóirsteanach, rinne siad pósadh maith agus bhain siad sult as saol a raibh ord agus eagar air.
I 1826 tosaíodh ar chlár cuimsitheach oibre chun Caisleán Chill Chainnigh a athchóiriú agus an cruth a ceapadh bheith air sa mheánaoise a thabhairt ar ais dó agus ina theannta sin é a thabhairt chun dáta mar theach tuaithe leis an uile chineál áiseanna nua-aimseartha. Tógadh as an nua go hiomlán an eite thoir chun bailiúchán pictiúir theaghlaigh na garáiste a chur inti i nGailearaí Fada nua agus rinneadh aththógáil móide síneadh ar an mballa cuirtíne thiar chun tuilleadh seomraí codlata a sholáthar.
D'fhulaing Éire go mór sna blianta 1845-50 le linn tubaiste an Ghorta Mhóir. Ar feadh ceithre bliana rinne an dúchan scrios ar na prátaí agus b'uafásach an méid a d'fhulaing na daoine. Cailleadh timpeall is milliún duine agus chuaigh an oiread céanna arís ar imirce. Chuaigh úinéirí talún i ngleic ar bhealaí éagsúla leis an tubaiste agus tá sé ráite i dtaobh na mBuitléireach gur dhéileáil siad go réasúnta leis na tionóntaí, gur laghdaigh nó gur tharscaoil siad an chíos dóibh i gcásanna áirithe agus gur shocraigh siad a bpasáiste go dtí na coilíneachtaí i gcásanna eile.
I 1854 cuireadh tús le hobair bhreise ar Chaisleán Chill Chainnigh. Cuireadh síneadh leis an porte cochère a bhí ann níos túisce agus rinne an halla tosaigh de ag nascadh an dá eite; tógadh an staighre Múraigh agus tugadh chun críche go leor sonraí agus maisithe eile.
Ag deireadh an chéid chuir Séamas de Buitléir an t-aonú Iarla fichead agus an tríú Marcas d'Ormonde siamsaíocht ar fáil don Rí Edward VII agus don Bhanríon Alexandra anseo agus níos deireanaí fós don Rí Seoirse V agus don Bhanríon Máire. Bhain siad taitneamh as dul in éindí lena chéile ag foghlaeireacht ar eastáit ollmhóra Ormonde i gCill Chainnigh agus i dTiobraid Árann; chuaigh siad ag seoltóireacht in éindí lena chéile ag Cowes agus bhí ionad áirithe don Tiarna agus don Bhantiarna Ormonde ag na hócáidí stáit uile.
Aois na bPéindlíthe a bhí san ochtú haois déag in Éirinn. Rinneadh sraith dlíthe chun ceannasaíocht phrotastúnaigh a chinntiú in Éirinn trí bhíthin mionn dílseachta don Choróin nach raibh sé de chead ag caitlicigh a thabhairt. Chuir sin faoi deara go raibh siad eisiata i ndáiríre ón bparlaimint, ó sheilbh a ghlacadh ar aon oifig phoiblí, ó ghairm an dlí agus ó choimisiún a bheith acu san airm nó sa chabhlach. Chuir dlíthe eile toirmeasc ar chaitlicigh talamh a cheannach nó a fháil ar chíos seachas ar léas gearrthéarmach. Bheadh sé in aghaidh an dlí freisin an reiligiún caitliceach a chleachtadh.
Chiallaigh sin go raibh an saol seanghaelach anois ag dul i léig agus go raibh tithe móra na Sean-Ghael á ndúnadh. Scríobh file Éireannach dán cáiliúil, "Caoineadh Cill Chais" faoi chaisleán na mBuitléireach i gCill Chais agus faoina "good lady", an Bhantiarna Máiréad de Buitléir. Déanann sé cur síos ar na gcaoi a bhfuil deireadh ag teacht leis an tsochaí shaibhir thraidisiúnta a thug tacaíocht do go leor filí cosúil leis féin.
Caisleán Chill Chainnigh an Fichiú Haois
Deireadh leis an seanreacht
Tháinig athrú tapa ar an saol sa chéad leath den fichiú haois. D'athraigh stáit na hÉireann go drámatúil. I rith an cogadh cathrach bhreith cúinsí na hÉireann ar an Tiarna Osraí, mac leis an Marcas d'Ormonde. Scríobh sé níos deireanaí: It was on the morning of 2nd May 1922 that, at the unreasonable hour of 5.30, I was awakened by a knock at the door. My butler appeared and greeted me with'Excuse me disturbing your Lordship but the Republicans have taken the Castle'. Chuir saighdiúirí Saorstát Éireann faoi léigear iad ar an toirt ach tugadh an caisleán ar ais do na Buitléirigh tar éis léigear a mhair dhá lá.
Chiallaigh na hathruithe i tsochaí na hÉireann go raibh ar na Buitléirigh sna caogaidí den fichiú haois breathnú go géar ar inmharthanacht a suí i gcaisleán Chill Chainnigh a choinneáil. I 1955 bheartaigh siad ar imeacht agus reachtáladh ceant mór sa gcaisleán dá réir.
Ar feadh cúig lá díoladh ar ceant gach uile rud a bhí sa gcaisleán; ní raibh fágtha ach an caisleán folamh agus bailiúcháin péintéireachtaí agus taipéisí de cuid an teaghlaigh.
Amach ó thréimhse ghearr ar a dtugtar 'The Emergency' nuair a ghabh trúpaí Éireannach seilbh air le linn an dara cogadh domhanda fágadh an caisleán folamh agus tréigthe.
Athchóiriú Arís
I 1967 thug Arthur de Buitléir an séú Marcas agus an ceathrú iarla fichead d'Ormonde Caisleán Chill Chainnigh do Choiste Athchóirithe an Chaisleáin ar an tsuim ainmniúil de £50. I ráiteas dúirt sé, tá mórtas mór agam féin agus ag mo theaghlach agus ag muintir Chill Chainnigh as an gcaisleán agus níor mhaith linn é a fheiceáil tite i léig mar atá. Chinneamar gan ligean dó bheith in a fhothrach. Cheana féin tá an iomarca fothrach in Éirinn.
De bharr an chostais a bhaineann le hathchóiriú ar chaisleán dá leithéid cuireadh an foirgneamh faoi chúram an stáit .i. faoin tSeirbhís Mhaoine Stairiúla agus Séadchomharthaí Náisiúnta d'Oifig na nOibreacha Poiblí. Chuir C. J.Lytle fear gnó as Londain ach de bhunadh Éireannach airgeadú ar fáil go flaithiúil chun na costais a bhain le luathchéimeanna an athchóirithe a sheasamh.
Tar éis an críonlobhadh agus an fliuchlobhadh a chóireáil sa bhfoirgneamh iomlán cuireadh tús le clár céimnithe athchóirithe. Cuireadh díon nua ar an eite thoir, rinneadh athchóiriú uirthi agus osclaíodh don phobal í i 1976. San eite seo tá seomraí fáilte foirmeálta an chaisleáin go háirithe an Áiléar Fada lena bhailiúchán de phictiúr athchóirithe maille le Gailearaí nua-aimseartha Ealaíne de Buitléir atá suite i sraith seomraí ar urlár na talún ina raibh cónaí ag na searbhóintí cheana.