Is contae intíre é contae Chill Chainnigh agus clúdaíonn sé limistéar de 796 mhíle chearnacha (509,431 acra); tá teacht díreach aige ar an bhfarraige via Port Belview agus via Ros Mhic Thriúin ar abhainn na Bearú. Magh lárnach thar bheith torthúil atá sa chontae le ardtailte san Oirthuaisceart, san Iarthuaisceart agus sa Deisceart.
Is maith atá an talamh draenáilte ag a líonra aibhneacha; roinneann an Fheoir an contae agus an cathair ina dhá leath ar ais thuaidh theas. Is teorainneacha nádúrtha iad aibhneacha na Beorú agus na Siúire ó thoir agus ó dheas den chontae faoi seach agus bhuaileann a n-inbhear taoide le chéile in oirdheasceart an chontae ag an bpointe is faide amach de.
Tá an contae ar aon teorainn le Tiobraid Árann, le Loch Garman, le Port Láirge, le Laois agus le Ceatharlach. Tá cathair Chill Chainnigh suite ar lúb in abhainn na Feoire ag áth nó ionad trasnála ársa.
Chuir ithreacha gláracha ghleann na habhann talamh torthúil ar fáil feiliúnach d'fhás barraí agus is í an bhunsraith chloch aoil a chuir an amhábhar ar fáil chun an chathair a thógáil. Roinnt míle amach ón gcathair tá Uaimheanna an Dúin Mhóir foirmithe drámatúla cloch aoil faoi thalamh ina bhfuil iarsmaí de dhaoine a bhí cónaí orthu iontu na mílte bliain ó shin.